English
  

Seoladh an chéad Chlár Thoghthóirí do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann ar an 1 Aibreán 2025. I ndiaidh d’Acht Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú) 2024 a bheith sínithe ina dhlí, cuirtear saoránaigh Éireannacha atá os cionn ocht mbliana déag d’aois agus a bhfuil céim bhaitsiléara, mháistreachta nó dhochtúireachta acu ó institiúid ainmnithe san áireamh sa toghlach nua seo. Ta liosta na n-institiúidí ainmnithe ar fail anseo. Is é 62,775 an líon toghthóirí ar Chlár na dToghthóirí.

Beidh cóip den chlár ar fáil lena scrúdú in oifigí Ollscoil na hÉireann.

Tá táille fhorordaithe (€100) ann chun cóip den chlár a cheannach. Ní féidir an t-eolas atá sa chlár a úsáid ach amháin i dtaobh cúrsaí toghcháin nó cúrsaí reachtúla eile.

Téigh i dteagmháil le applications@SeanadVoter.ie chun eolas a fháil maidir leis an gclár a fheiceáil nó a cheannach.

  
Is féidir leat seiceáil an bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí trí theagmháil a dhéanamh le SeanadVoter.ie leis an eolas seo a leanas:
  • Ainm iomlán
  • Dáta breithe
  • Uimhir fóin
  • Seoladh baile Reatha
  • Uimhir aitheantais d’iarratais ar VótálaíSeanad.ie
Is féidir an t-iarratas a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig applications@SeanadVoter.ie, nó é a sheoladh tríd an bpost chuig VótálaíSeanad.ie, Bosca PO 13784, Baile Átha Cliath 2, Éire.
  
Féadfaidh tú d’iontráil a uasdátú nó a leasú ar Chlár na dToghthóirí don toghlach Ardoideachais trí Fhoirm Éilimh le haghaidh Leasú Iontrála a chomhlánú.
Is féidir cóip den fhoirm seo a íoslódáil agus a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig applications@SeanadVoter.ie, nó í a sheoladh tríd an bpost chuig VótálaíSeanad.ie, Bosca PO 13784, Baile Átha Cliath 2, Éire.
  
Foilsíodh an chéad liosta Toghthóirí do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann ar an 29 Eanáir 2026.

Áirítear ar liosta na dToghtóirí:
  • Liosta A: An clár reatha do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann a foilsíodh ar an 1 Aibreán 2025.
  • Liosta B: Daoine a rinne iarratas agus an chuma ar an scéal go bhfuil siad incháilithe chun a bheith curtha leis an gclár nuair a dhéantar uasdátú air ar an 1 Meitheamh.
  • Liosta C: Daoine agus an chuma ar an scéal nach bhfuil siad incháilithe a bheith cláraithe mar thoghthóir a thuilleadh, daoine a bhásaigh le gairid san áireamh.
Beidh Liosta na dToghthóirí ar fáil más maith leat mionscrúdú a dhéanamh air trí choinne a dhéanamh é fheiceáil in oifigí Ollscoil na hÉireann i rith uaireanta oifige. Is féidir coinne a dhéanamh breathnú ar an gclár ó Luan go hAoine, idir 09:30 agus 16:00.
Téigh i dteagmháil le applications@SeanadVoter.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi mionscrúdú a dhéanamh ar Liosta na dToghthóirí.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist agat.
Bheadh áthas orainn cúnamh a thabhairt duit.
applications@SeanadVoter.ie
+353 (1) 439 2424
SeanadVoter.ie, P.O. BOX 13784, Dublin 2, Ireland