Treoir Iarratais Treoracha céim ar chéim maidir le clárú do Thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann
Conas clárú ar SeanadVoter.ie mar iarratasóir nua
Céim 1: Aimsigh an Tairseach Iarratais
Ar leathanach baile SeanadVoter.ie, aimsigh an chuid a deir ‘Iarratasóir nua do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann’.
Cliceáil ‘Déan Iarratas Anois’.
Céim 2: Déan Athbhreithniú ar na Critéir Chlárúcháin
Ar an leathanach tosaigh, déan athbhreithniú na critéir incháilitheachta. Ní mór duit a bheith:
i do shaoránach Éireanach, agus
18 mbliana d’aois nó níos sine, agus
i do Chéimí ó institiuid ainmnithe.
Déan cinnte go bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh agus go bhfuil na doiciméid atá ag teastáil uait réidh agat sula dtosaíonn tú ar d’iarratas. Iarrfar ort doiciméid tacaíochta shaoránachta a uaslódáil; tá treoir ina leith seo le fáil thíos faoi ‘Sonraí Pearsanta’.
Brúigh‘Lean ar aghaidh leis an Iarratas’.
Céim 3: Líon isteach an Fhoirm Chláraithe
Tá ceithre chuid san fhoirm:
Céad Ainm(neacha) agus Sloinne: Líon isteach d'ainm reatha.
Seanainm nó Ainmneacha Eile: Líon isteach d'ainm nuair a bhronnadhdo chéim ort. Ní fhoilseofar an t-eolas seo ar Chlár na dToghthóirí ach d’fhéadfadh sé cabhru chun do thaifead a aithint. Seans gur úsáid tú d’ainm i nGaeilge nó gur úsáid tú sloinne eile.
Seoladh Ríomhphoist Reatha: bain úsáid as do sheoladh ríomhphoist reatha a úsáideanntú go rialta.
Saoránacht: Uaslódáil doiciméad mar chruthúnas saoránachta (PDF nó JPG, 16MB ar a mhéad). Glactar leis na doiciméid seo:
Leathanach grianghraif de phas bailí Éireannach
nó
Deimhniú Eadóirseachta
Uimhir PSP: Tabhair:
Do UPSP (Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí)
nó
Foirm Fhinnéithe chomhlánaithe (PDF nó JPG, 16MB ar a mhéad)
Ní mór duit do sheoladh reatha agus seoladh le haghaidh na bpáipéar ballóide a sholáthar. Is féidir an seoladh céanna a úsáid. Foilseofar an dá sheoladh ar Chlár na dToghthóirí.
Féadfaidh tú suas le dhá chéim a chur isteach le haghaidh deimhnithe.
Iarrfar ort na sonraí seo a leanas maidir le do chéim a thabhairt:
Foras Deimhnithe: An institiúid a bhfuil taifead do cháilíochta aici.
Institiúid ar Fhreastail tú uirthi: An ollscoil, coláiste nó institiúid ar leith a ndearna tú staidéar ann.
Bliain na Céime: An bhliain ar bhain tú céim amach nó nuair a bhí do shearmanas bronnta agat.
Teideal Iomlán na Céime: Ainm do cháilíocht acadúil (m.sh. BA sa Stair, MSc san Altranas, PhD sa Bhitheolaíocht).
Uimhir Mhic Léinn: Roghnach, má tá sé ar fáil.
Más céimí OÉ, TCD, nó an dá cheann thú, agus más mian leat a bheith curtha san áireamh chun vótáil in aon chorrthoghcháin a thiocfaidh chun cinn sa thoghlach seo, roghnaigh an bosca cuí le haghaidh OÉ agus/nó TCD.
Déan athbhreithniú agus deimhnigh go cúramach an dá dhearbhú.
Líon isteach na réimsí éigeantacha go léir, na codanna go léir atá marcáilte le réiltín (*).
Cuir isteach d’iarratas.
Céim 4: Cuir isteach d’Iarratas
Nuair a bheidh gach cuid críochnaithe agat, cuir isteach an t-iarratas.
Gheobhaidh tú ríomhphost admhála ag dearbhú go bhfuarthas d’iarratas.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag applications@SeanadVoter.ie mura bhfuil freagra do cheiste ar fáil thuas. Bheadh áthas orainn cúnamh a thabhairt duit.