English
1.
Iarratasóir Nua: Incháilithe
  
Bhain Ashley céim bhaitsiléara amach le déanaí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, institiúid ainmnithe sa toghlach Ardoideachais nua. Tá Ashley os cionn 18 mbliana d’aois agus is saoránach Éireannach iad freisin. Comhlíonann siad na critéir ar fad a theastaíonn chun clárú le vótáil i dtoghchán Sheanad Éireann. Is féidir le Ashley clárú chun vótáil ar VótálaíSeanad.ie agus ní mór dóibh é sin a dhéanamh faoin 26 Feabhra 2026 le bheith curtha san áireamh ar an gclár a foilseofar an 1 Meitheamh 2026.
Ba chóir go mbeadh na sonraí seo a leanas ar eolas acu sula dtosaíonn siad ar an iarratas a chomhlíonadh:
  • Ríomhphost reatha a bhfuil rochtain acu air
  • Uimhir PSP
  • Cruthúnas saoránachta (pas Éireannach bailí nó teastas eadóirsithe)
  • Ainm ag tráth na céime (má tá sé difriúil ó d’ainm anois)
  • Seoladh Reatha, seoladh le hadhaigh paipéar ballóide agus seoladh ag tráth na céime (má tá sé difriúil ón seoladh Reatha agus/nó seoladh le haghaidh páipéar ballóide)
  • Sonraí céim(eanna), leis an institiúid, bliain bronnta na céime, teideal iomlán na céime agus uimhir mic léinn (más eol) san áireamh.
2.
Iarratasóir Nua: Gan Chéim / Neamh-incháilithe
  
Chuir Ben tús le hiarratas le déanaí chun clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Níl céim aige. Toisc nach bhfuil céim ag Ben ó institiúid ainmnithe, níl sé incháilithe chun a bheith curtha san áireamh ar an gclár do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann.
3.
Iarratasóir Nua: Gan Chéim, Dioplóma Náisiúnta Amháin/Neamh-Incháilithe
  
Chuir Conall tús le hiarratas le déanaí chun clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá dioplóma náisiúnta ag Conall ón gColáiste Teicniúil Réigiúnach, Corcaigh. Tá na sonraí ón gcoláiste seo i seilbh Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, ar institiúid ainmnithe í. Toisc nach bhfuil céim bhaitsiléara, céim mháistreachta, nó dochtúireachta ó institiúid ainmnithe ag Conall, níl sé incháilithe a bheith curtha leis an gclár.
4.
Iarratasóir Nua: Céim Idirnáisiúnta/Neamh-Incháilithe
  
Chuir Darragh tús le hiarratas le déanaí chun clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá céim bhaitsiléara ag Darragh ó ollscoil i Sasana, agus teastas ó Ollscoil Mhá Nuad, ar institiúid ainmnithe í. Toisc nach bhfuil céim ag Darragh ó institiúid ainmnithe, níl sé incháilithe a bheith curtha leis an gclár.
5.
Iarratasóir Nua: Céim Gan Bronnadh fós/Neamh-incháilithe
  
Chuir Emily tús le hiarratas le déanaí chun clárú don toghlach Ardoideachais Sheanad Éireann nua. Tá Emily ag déanamh staidéir dá céim bhaitsiléara in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, ar institiúid ainmnithe í, agus bainfidh sí céim amach i mí na Samhna 2026. Toisc nach bhfuil céim ag Emily fós ó institiúid ainmnithe, níl sí incháilithe chun a bheith curtha ar an gclár seo.
6.
Iarratasóir Nua: Céim ó Institiúid nach bhfuil Ainmnithe/Incháilithe
  
Chuir Fiona tús le hiarratas le déanaí chun clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Is saoránach Éireannach í Fiona agus í 40 bliain d’aois. Tá céim aici ó institiúid in Éirinn nach institiúid ainmnithe í. Toisc nach bhfuil céim ag Fiona ó institiúid ainmnithe, níl sí incháilithe a bheith curtha ar an gclár. Dá mbronnfaí céim uirthi ó institiúid ainmnithe amach anseo, chomhlíonfadh sí na critéir chun a bheith curtha leis an gclár.
7.
Iarratasóir Nua: Saoránach Neamh-Éireannach/Neamh-incháilithe
  
Is mian le Gabrielle iarratas a dhéanamh le bheith ar an gclár do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá Gabrielle 28 bliain d’aois agus tá céim mháistreachta aici ó Ollscoil Luimnigh, ar institiúid ainmnithe í. Is saoránach Francach í Gabrielle áfach. Toisc nach saoránach Éireannach í Gabrielle, níl sí incháilithe a bheith curtha ar an gclár. Mar sin féin, dá bhfaigheadh Gabrielle saoránacht Éireannach amach anseo, chomhlíonfadh sí na critéir a bheith curtha leis an gclár.
8.
Iarratasóir Nua: Ilchéimeanna/incháilithe
  
Chuir Hannah tús le hiarratas le déanaí chun clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá céim bhaitsiléara aici ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus céim mháistreachta ó UCD. Ós rud é gur dhá institiúid ainmnithe éagsúla iad seo, ba mhaith léi a fháil amach an gceadaíonn sin di dhá vóta a chaitheamh sa chéad toghchán eile do Sheanad Éireann. In iarratas Hannah, is féidir léi suas le dhá chéim dá cuid a liostáil. Ní dhéanfar í a iontráil ar an gclár ach uair amháin, áfach, agus beidh vóta amháin ag dul di.
9.
Iarratasóir Nua: Ilchéimeanna/incháilithe
  
Chuir Isabel tús le hiarratas le déanaí chun clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá céim bhaitsiléara aici ó Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, céim mháistreachta ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus céim dochtúireachta ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ba mhaith le Isabel a cuid céimeanna ar fad a chur san áireamh ar an bhfoirm iarratais le bheith cláraithe. In iarratas Isabel, is féidir léi suas le dhá chéim dá cuid a liostáil. Ní fhoilseofar a céimeanna ar an gclár. Ní bheidh sí curtha leis an gclár ach uair amháin, rud a cheadaíonn di vóta amháin a bheith aici.
10.
Iarratasóir Nua: Níor Sholáthair sé Uimhir PSP/incháilithe
  
Is mian le Seán clárú a dhéanamh do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Mar sin féin, níl sé ag iarraidh a Uimhir PSP a sholáthar agus ba mhaith leis a fháil amach an féidir leis aon rud eile a chur ar fáil ina hionad.

Mura gcuireann Seán UPSP ar fáil, is féidir leis foirm Fhinnéithe Sheanad Éireann a íoslódáil ón suíomh Gréasáin SeanadVoter.ie agus í a thabhairt chuig an Stáisiún Gardaí áitiúil nó chuig Nótaire/Nótaire Poiblí le comhlánú agus finnéithe a bheith aige agus é á síniú. Ní mór dó aitheantas grianghraif a thabhairt freisin chun a aitheantas a dhearbhú. Tá an próiseas seo mar an gcéanna i gcás iarratasóirí nach bhfuil Uimhir PSP acu.
11.
Iarratasóir Reatha: Litir Chlárúcháin Faighte /incháilithe
  
Bhí Katie ar Chlár na dToghthóirí tráth do thoghlach Ardoideachais OÉ agus vótáil sí in 2025. Níor chláraigh sí don chlár don toghlach Ardoideachais nua faoin spiocdháta 23 Eanáir 2025. Tháinig sí ar litir le gairid ó mhí na Nollag 2024 ag iarraidh uirthi clárú do shuíomh nua VótálaíSeanad.ie. Bhí uimhir chlárúcháin agus treoracha san áireamh sa litir, ach níl an roinn “Iarratasóir atá ar Chlár OÉ agus/nó Clár Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath faoi láthair” ar fáil ar an suíomh a thuilleadh.

Ba é an 23 Eanáir 2025 an spiocdháta do Chlár na dToghthóirí 2025. Feadfaidh Katie iarratas a dhéanamh do Chlár na dToghthóirí 2026 roimh an spriocdháta 26 Feabhra 2026.

Ní mór di iarratas a dhéanamh mar iarratasóir nua do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann mar nach raibh an féidearthacht chun Uimhir Thagartha OÉ agus Uimhir Alumnas TCD a úsáid chun clárú ann ach i gcomhair clár 2025.
12.
Iarratasóir Nua: Cruthúnas Saoránachta/incháilithe
  
Is mian le Lewis iarratas a dhéanamh le bheith do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann. Mura saoránach Éireannach é Lewis, níl sé i dteideal clárú le bheith san áireamh i ndáilcheantar nua Ardoideachais Sheanad Éireann. Más saoránach Éireannach é Lewis, iarrfar air cóip dá Phas Éireannach nó Deimhniú Eadóirseachta a sholáthar lena iarratas. Murar féidir leis ceachtar de na doiciméid seo a sholáthar, beidh air dul i dteagmháil le foireann SeanadVoter.ie chun treoir a fháil.
13.
Iarratasóir Nua: Nár Chláraigh riamh/ Incháilithe
  
Bhain Monica céim bhaitsiléara amach ó UCD i 1990. Is saoránach Éireannach í. Níor chláraigh sí do thoghlach OÉ riamh, ach ba mhaith léi a bheith in ann vótáil anois. Toisc go bhfuil sí os cionn 18 mbliana d’aois, gur saoránach Éireannach í, agus go bhfuil céim aici ó institiúid ainmnithe, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar líne ag SeanadVoter.ie chun a bheith curtha ar an gclár do thoghlach nua Ardoideachais Sheanad Éireann.
14.
Iarratasóir Nua: Saoránacht Eadóirsithe/ incháilithe
  
Is mian le Noah iarratas a dhéanamh le bheith curtha leis an gclár do thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann. Tá sé 29 mbliana d’aois agus bhain sé céim amach ón RCSI in 2018. Is as Ceanada dó agus ghnóthaigh sé saoránacht Éireannach trí eadóirsiú in 2020. Agus é os cionn 18 mbliana d’aois, ina shaoránach Éireannach, agus a chéim aige ó institiúid ainmnithe, sásaíonn sé na critéir atá ann a bheith curtha leis an gclár.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag applications@SeanadVoter.ie mura bhfuil freagra do cheiste ar fáil thuas.
Bheadh áthas orainn cúnamh a thabhairt duit.