Is é Seanad Éireann an teach uachtarach de Pharlaimint na hÉireann, an tOireachtas. Dáil Éireann a thugtar ar an teach íochtarach. Tá 60 comhalta ann, a dtugtar Seanadóirí orthu. Ainmníonn an Taoiseach 11 Seanadóir, toghtar 43 Seanadóir ag painéil a dhéanann ionadaíocht thar ceann leasanna gairme, agus toghann céimithe ó institiúidí ardoideachais ar leith 6 Sheanadóir. Faoi láthair, i dtoghcháin Seanaid, toghtar seisear Seanadóirí “Ollscoile” ag dhá thoghlach trí shuíochán: Ollscoil na hÉireann (OÉ) agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath/TCD). I gcás toghcháin Seanaid a reachtálfar tar éis an 1 Meitheamh 2025, áfach, toghfaidh an toghlach Ardoideachais nua an seisear Seanadóirí seo.
Is toghlach nua do Sheanad Éireann an toghlach Ardoideachais. Beidh na toghthóirí sa toghlachseo in ann seisear Seanadóirí a thoghadh do Sheanad Éireann. Déanfar clár na dtoghthóirí don toghlach seo a uasdátú go bliantúil. Tá sé á bhainistiú ag an bPríomh-Údarás Clárúcháin (CRA) a bunaíodh faoi Acht Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú), 2024.
Tarlaíonn toghcháin gach cúig bliana nó taobh istigh de 90 lá i ndiaidh do Dháil Éireann a bheith díscaoilte. Beidh toghcháin don 27ú Seanad ar siúl i mí Eanáir 2025.
Toghfar seisear Seanadóirí ag an toghcheantar Ardoideachais.
Foilseofar an chéad chlár don dáilcheantar Ardoideachais ar 1 Aibreán 2025. Ó 2026 ar aghaidh, foilseofar an clár ar 1 Meitheamh gach bliain.
Is doiciméad poiblí é an clár. Tá céad ainmneacha, sloinnte, seoltaí reatha, agus seoltaí páipéir bhallóide na vótálaithe cláraithe sa toghlach Ardoideachais san áireamh ar an gclár. Ní chuimsíonn sé uimhreacha PSP, sonraí cáilíochta, nó dátaí breithe.
Má chailleann tú an spriocdháta 23 Eanáir 2025, ní bheidh tú in ann iarratas a chur isteach chun a bheith curtha leis an gcéad chlár don toghcheantar Ardoideachais. Mar sin féin, beidh an clár ar oscailt arís d’iarratais nua in 2026. Is é an 26 Feabhra 2026 an spriocdháta d’iarratais do chlár 2026, agus go bliantúil ina dhiaidh sin.
Má bhfuair tú ríomhphost ó VótálaíSeanad.ie ag dearbhú gur cuireadh le Clár na dToghthóirí thú in 2025, ní gá duit iarratas eile a dhéanamh.
Beidh na toghcháin a reáchtálfar tar éis an 31 Bealtaine ar bhonn toghlach Ardoideachais nua agus cláir nua. Ní mór duit clárú don toghlach Ardoideachais nua más maith leat vótáil i dtoghcháin amach anseo. Ní chlárófar thú go huathoibríoch don toghlach Ardoideachais nua, fiú sa chás go raibh tú cláraithe ar Chláir OÉ nó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Is é an bealach is éasca chun clárú ná ar líne ag www.VótálaíSeanad.ie.
Feadfaidh tú cóip chrua den fhoirm iarratais a íoslódail ón suíomh seo agus í a sheoladh isteach le do dhoiciméid tacaíochta tríd an bpost chuig:
VótálaíSeanad.ie
Bosca PO 13784
Baile Átha Cliath 2
Éire
Is é an 26 Feabhra 2026 spriocdháta na n-iarratas do chlár 2026.
Tá tú i dteideal clárú:
Chun clárú, ní mór duit céim bhaitsiléara, céim mháistreachta nó dochtúireachta a bheith agat ó institiúid ainmnithe. Ní féidir le teastais, dioplómaí, ard-dioplómaí, agus céimeanna oinigh an riachtanas seo a chomhlíonadh.
Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, ba chóir go mbeadh céim faighte agat ó institiúid ainmnithe. Is iad na “hinstitiúidí ainmnithe” ná Ollscoil na hÉireann, Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide), agus institiúidí atá ainmnithe faoi Acht an Údaras um Ardoideachais 2022.
Titeann institiúidí díscaoilte agus a bhfuil a bhfeidhmneanna aistrithe chuig institiúíd ainmnithe faoin sainmhíniú seo.
Tá bealach ann de réir Acht an Údarás um Ardoideachais 2022a cheadóidh d’institiúidí a bheith curtha san áireamh amach anseo faoi réir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás um Ardoideachas. Ní thiteann seo faoi chúraimí VótálaíSeanad.ie.
Ní ghearrfar, tá clárú saor in aisce.
Is é an 26 Feabhra 2026 spriocdháta na n-iarratas do chlár 2026.
Foilseofar na sonraí seo a leanas i gcás gach duine ar an gclár:
Ar an drochuair ní féidir clárú mar thoghthóir anaithnid don toghlach Ardoideachais de bharr nach bhfuil foráil chuige seo faoin reachtaíocht reatha.
Trí d'uimhir PSP (UPSP) a sholáthar, beifear in ann seiceáil bhunúsach a dhéanamh chun cabhrú le do shonraí aitheantais a dhearbhú agus chun iontaofacht an chláir a chosaint. Ní bheidh uimhreacha PSP le feiceáil ar an gclár.
Ní mór duit fianaise saoránachta a uaslódáil, i bhfoirm ghrianghraf nó i gcóip scanta de do phas bailí Éireannach nó Deimhniú Eadóirseachta. Mura soláthraíonn tú d’uimhir PSP, ní mór duit grianghraf nó cóip scanta d’fhoirm Fhinnéithe chomhlánaithe a thabhairt.
Mura mian leat nó mura féidir leat d'uimhir PSP a sholáthar, ní mór duit foirm Fhinnéithe a chur isteach le d’iarratas. Ní mór an fhoirm seo a chomhlánú agus a shíniú i láthair Garda, Nótaire/Nótaire Poiblí, nó liachleachtóir cláraithe. Tá an fhoirm seo ar fáil ag SeanadVoter.ie. Nuair a bheidh sé críochnaithe agat, féadfaidh tú grianghraf nó cóip scanta a chur san áireamh le d’iarratas ar líne.
Seiceáil le do thoil sonraí d’iarratais agus na doiciméid a chuir tú isteach chugainn. Cinntigh go bhfuil an t-eolas ar fad ceart agus suas chun dáta. D’fhéadfadh formáidiú agus ábhar réimsí ar nós dáta breithe nó uimhir PSP a bheith san áireamh anseo.
Sa chás nach bhfuil tú in ann pas Éireannach bailí nó teastas eadóirsithe a chur ar fáil mar chuid de d’iarratas, téigh i dteagmháil le applications@SeanadVoter.ie.
Ná uaslódáil do cheadúnas tiomána mar chuid de d’iarratas mar níl muid in ann glacadh leis mar chruthúnas saoránachta.
Mura bhfuil tú in ann pas Éireannach bailí nó teastas eadóirsithe a chur ar fáil mar chuid de d’iarratas, téigh i dteagmháil le applications@SeanadVoter.ie.
Cinntigh nár chuir tú spás dúbailte, lánstad nó aon charactar eile ag deireadh do sheoladh ríomhphoist.
D’fheadfadh seo a bheithina fhadhb, go háirithe má tá coipeáil agus greamú ar do sheoladh ríomhphoist déanta agat.
Beidh vótálaithe cláraithe, atá ar chlár foilsithe na dtoghthóirí don toghlach Ardoideachais, in ann vótáil sa toghlach seo.
Má tá tú ar an gclár, gheobhaidh tú ábhair vótála tríd an bpost. Seolfar iad seo chuig an seoladh le haghaidh páipéir bhallóide a chuir tú ar fáil i d’iarratas cláraithe. I measc na n-ábhar seo beidh:
Is féidir, is féidir leat vótáil tríd an bpost ó thar lear. Seolfar d’ábhair vótála trí phost cláraithe, mar sin cinntigh le do thoil go bhfuil do sheoladh le haghaidh do pháipéir bhallóide suas chun dáta.
Reáchtáladh na toghcháin Sheanad Éireann in Eanáir 2025 agus bainedh úsáid as Clár na dToghthóirí Ollscoil na hÉireann (OÉ) agus Clár Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) a foilsíodh i mí an Mheithimh 2024.
Beidh na toghcháin a reáchtálfar tar éis an 31 Bealtaine 2025 ar bhonn toghlach Ardoideachais nua agus cláir nua. Ní mór duit clárú don toghlach Ardoideachais Sheanad Éireann nua más mian leat vótáil i dtoghcháin amach anseo.
Reáchtáladh toghcháin Sheanad Éireann in Eanáir 2025 agus baineadh úsáid as Clár na dtoghthóirí Ollscoil na hÉireann (OÉ) agus Clár Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a foilsíodh i mí an Mheithimh 2024.
Beidh na toghcháin a reachtálfar tar éis an 31 Bealtaine 2025 ar bhonn toghlach Ardoideachais nua agus cláir nua. Ní mór duit clárú don toghlach Ardoideachais Sheanad Éireann nua más mian leat vótáil i dtoghcháin amach anseo.
Is éard atá i gceist le corrthoghchan ná toghchán a chuirtear ar bun nuair thagann folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann aníos mar gheall ar bhás, éirí as oifig, scor nó dícháiliú comhalta. Reachtálfar corrthoghchán chun an suíochán folamh a líonadh. Dá mbeadh ball den 27ú Seanad, a thoghadh i dtoghlach Ollscoil na hÉireann nó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mí Eanáir 2025, chun a shuíochán a fhágáil, reachtálfaí corrthoghchán sa toghlach Ardoideachais. Bheadh céimithe OÉ nó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a dhearbhaigh gur mian leo a bheith san áireamh i gcorrthoghcháin ina n-iarratas cláraithe, i dteideal vótáil sa chorrthoghchán seo.
Seoladh amach uimhreacha tagartha OÉ in mí na Nollag 2024 i litir chuig na toghthóirí uilig ar Chlár na dToghthóirí. D’fhéadfaí an uimhir seo a úsáid go dtí an 23 Eanáir 2025 chun clárú don toghlach Ardoideachais.
Ní raibh an féidearthacht chun uimhir thagartha a úsáid ann ach le haghaidh iarratas do chlár 2025.
Seoladh amach uimhreacha Alumnas TCD in mí na Nollag 2024 i litir chuig na toghthóirí uilig ar Chlár na dToghthóirí. D’fhéadfaí an uimhir seo a úsáid go dtí an 23 Eanáir 2025 chun clárú don toghlach Ardoideachais.
Ní raibh an féidearthacht chun uimhir Alumnas TCD a úsáid ann ach le haghaidh iarratas do chlár 2025.
Mura bhfuil tú tar éis d’iarratas a dhéanamh chun a bheith curtha le clár 2026, bain úsáid as do shonraí pearsanta is déanaí agus is cirte i d’iarratas le do thoil.
Má cuireadh le clár 2025 thú, is féidir leat do shonraí a uasdátú trí Fhoirm Éilimh ar Leasú Sonraí a chomhlánú.
Is féidir cóip den fhoirm seo a íoslódáil agus í a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig applications@SeanadVoter.ie, nó í a sheoladh tríd an bpost chuig VótálaíSeanad.ie, BOSCA P.O. 13784, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Agus tú ag dul i dteagmháil le VótálaíSeanad.ie, luaigh an Uimhir Iarratais a fuair tú nuair a chuir tú d’iarratas clárúcháin isteach (más eol duit í).
Is féidir, iní gá ach a iarraidh go mbainfí d’ainm den chlár trí iarratas scríofa a chur isteach trí ríomhphost chuig applications@SeanadVoter.ie, nó tríd an bpost chuig SeanadVoter.ie ag BOSCA P.O. 13784, Baile Átha Cliath.
Beidh cóip den chlár ar fáil lena scrúdú in oifigí Ollscoil na hÉireann.
Tá táille fhorordaithe (€100) ann chun cóip den chlár a cheannach.
Ní féidir an t-eolas atá sa chlár a úsáid ach amháin i dtaobh cúrsaí toghcháin nó cúrsaí reachtúla eile.
Téigh i dteagmháil le applications@SeanadVoter.ie chun eolas a fháil maidir leis an gclár a fheiceáil nó a cheannach.