English
Ár dTiomantas don Inrochtaineacht
Tá foireann VótálaíSeanad.ie tiomanta do shuíomh Gréasáin VótálaíSeanad.ie a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Shoghluaiste Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) 2020. Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le gach ábhar a fhoilsítear ar VótálaíSeanad.ie.

Stádas Comhlíontachta
Tá an suíomh Gréasáin seo páirt-chomhlíontach le Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar ar Líne 2.1 leibhéal AA. D’fhéadfadh ábhair áirithe fadhbanna a chruthú, mar shampla:
  • Níl na doiciméid PDF inrochtana go hiomlán
  • Tá gnéithe inrochtaineachta ar iarraidh i roinnt réimsí foirme (m.sh. ní fhógraítear réimsí riachtanacha i gcónaí, ní léitear téacs cúnta amach)
  • Ní chomhlíonann na boscaí dialóige na caighdeáin inrochtaineachta go hiomlán le haghaidh úsáid léitheoirí scáileáin agus méarchláir
Táimid ar an eolas faoi na saincheisteanna seo, agus nithe eile a sainaithníodh i dtástálacha le déanaí. Déanfar feabhsuithe sna míonna amach romhainn chun inrochtaineacht a fheabhsú do gach úsáideoir. Coinneoimid ár Ráiteas Inrochtaineachta suas chun dáta de réir mar a dhéanfaimid dul chun cinn.

Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
Nuashonraíodh an ráiteas seo ar an 19 Nollaig 2025 tar éis tástála intí. Rinneadh measúnú ag baint úsáide as raon uirlisí lena n-áirítear seiceálacha láimhe, nascleanúint méarchláir amháin, tástáil léitheoirí scáileáin, agus Adobe Acrobat.

Aiseolas agus Eolas Teagmhála
Táimid tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do gach duine agus cuirfimid fáilte roimh d’aiseolas maidir le hinrochtaineacht ár suíomh Gréasáin.

Má tá tuairimí nó gearáin agat faoi inrochtaineacht an tsuímh Ghréasáin seo, déan teagmháil le hOifigeach Rochtana Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Sorcha Uí Chonnachtaigh, trí ríomhphost ag accessofficer@nui.iee, nó ar an bhfón ag 01 439 2424, nó tríd an bpost ag VótálaíSeanad.ie, Bosca PO 13784, Baile Átha Cliath 2.

Gearáin Fhoirmiúla
Is féidir leat comhairle a fháil maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas ar shuíomh gréasáin Oifig an Ombudsman: ombudsman.ie/en/publication/76e58-make-a-complaint-under-the-disability-act/