English

Foirm iarratais le haghaidh iontráil do Chlár thoghlach Ardoideachais Sheanad Éireann

An bealach is fusa chun clarú ná an fhoirm iarratais ar líne a chomhlíonadh ag www.vótálaíseanad.ie

Feadfaidh tú cóip chrua den fhoirm iarratais a íoslódail agus í a sheoladh isteach le do dhoiciméid tacaíochta tríd an bpost chuig:
VótálaíSeanad.ie, Bosca PO 13784, Baile Átha Cliath 2, Éire

Foirm Fhinnéithe um Chlárúchán Toghcháin Sheanad Éireann

Mura gcuireann tú nó mura bhfuil tú in ann uimhir PSP a thabhairt i d’iarratas, ní mór duit an fhoirm Fhinnéithe seo agus griangraf aitheantas a thabhairt chuig an staisiún Gardaí áitiúil nó aon nótaire/nótaire poiblí chun do chéannacht a dheimhniú. Má tá siad sásta, fianóidh siad duit agus an fhoirm á síniú agat. Ansin síneoidh siad an fhoirm agus cuirfidh siad dáta agus stampa léi. Is féidir leat an fhoirm seo a uaslódáil mar chuid de d’iarratas ar líne mar chruthúnas céannachta.

Éileamh ar Leasú Iontrála ar Chlár na dToghthóirí

Féadfaidh tú d’iontráil a uasdátú nó a leasú ar Chlár na dToghthóirí don toghlach Ardoideachais trí Fhoirm Éilimh le haghaidh Leasú Iontrála a chomhlánú.

Is féidir cóip den fhoirm seo a íoslódáil agus a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig applications@SeanadVoter.ie, nó í a sheoladh tríd an bpost chuig:
VótálaíSeanad.ie, BOSCA P.O. 13784, Baile Átha Cliath 2, Éire.

Fógra Achomhairc

Ba chóir do dhuine gur mian leo athomharc a lorg ón gCúirt Chuarda i gcoinne chinneadh an phríomhoifigigh chlárúcháin an fhoirm seo a úsáid. Ní mór an t-achomharc a lorg taobh istigh d’achar cúig lá de chinneadh an phríomhoifigigh chlárúcháin.

Is féidir cóip den fhoirm seo a íoslódáil agus a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chuig applications@SeanadVoter.ie, nó í a sheoladh tríd an bpost chuig:
VótálaíSeanad.ie, BOSCA P.O. 13784, Baile Átha Cliath 2, Éire.