English

Tabhair faoi deara sula dtosaíonn tú ar an iarratas ar líne seo chun a bheith incháilithe le cur isteach, ní mór duit:

  • a bheith i do shaoránach Éireanach
  • agus
  • a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine
  • agus
  • a bheith céim agat ó institiúid ainmnithe

Ní mór dúinn roinnt eolas pearsanta a bhailiú i dtaca le do shaorántacht, féiniúlacht agus cáilíochtaí chun d’iarratas a phróiseáil.

Saoránacht agus Féiniúlacht

Chun an t-iarratas seo a chomhlánú, ní mór duit:

  • Cóip de leathanach griangraif do phas bhailí nach bhfuil imithe as dáta nó deimhniú eadóirsithe chun do shaoránacht a dhearbhú a bheith agat
  • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a bheith agat

Mura gcuireann tú, nó mura bhfuil tú in ann UPSP a chur fáil, ní mór duit Foirm Fhinnéithe um Chlárúchán Toghcháin Sheanad Éireann, atá ar fáil anseo a chomhlánú. Agus é comhlánithe agus sínithe ag an údarás cuí, is gá duit cóip den fhoirm seo a uaslódáil le d’iarratas.

Céim ó Institiúid Ainmnithe

Caithfidh céim bhaitsiléara, céim mháistreachta nó doctúireacht a bheith faighte agat ó institiúid ainmnithe. Iarrfar ort an institiúid ar bhain tú do chéim amach inti, an foras deimhnithe a bhfuil do thaifid ann, an bhliain ar bhain tú do chéim amach agus teideal do chéime a thabhairt dúinn.

Is féidir liosta iomlán na n-institiúidí ainmnithe a fháil anseo.

Cinntigh le do thoil gur féidir leat an institiúid ar bhain tú céim amach inti a aimsiú ar an liosta seo sula dtosaíonn tú ar d’iarratas.

IIs é an 26 Feabhra 2026 an spriocdháta chun iarratais a bheith curtha san áireamh ar Chlár 2026.